Foilsithe ar 

An Feachtas Eolais “Bí Réidh don Gheimhreadh” 2015 -2016 seolta ag  an Rialtas

Inniu, sheol an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D., ina cháil mar Chathaoirleach ar Thasc-Fhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála agus an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an tUas. Paschal Donohoe T.D., agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Ann Phelan T.D., Feachtas Eolais an Rialtais, 'Bí Réidh don Gheimhreadh’ 2015-2016 ag an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí i mBaile Átha Cliath.  Ag an seoladh freisin bhí ionadaithe ó na Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla a bhfuil de chúram orthu pleanáil agus freagairt éigeandála a dhéanamh. Rinneadh an seoladh an tráth céanna le cruinniú de Thasc-Fhórsa an Rialtas ar Phleanáil Éigeandála, faoi chathaoirleacht an Aire Coveney, inar pléadh saincheisteanna maidir lena bheith réidh don gheimhreadh.
Tá comhairle á cur ar fáil ar láithreán gréasáin saindírithe www.winterready.ie, ó fhoinsí éagsúla, ina measc Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Poiblí, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus na soláthróirí iompair. Tá an chomhairle curtha i gcatagóirí éagsúla, ina measc: an Baile, Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoileanna, an Pobal Feirmeoireachta agus an Earnáil Ghnó. Tá achoimre den eolas atá ar fáil curtha i dtoll a chéile i leabhrán athdheartha dar teideal “Bí Réidh don Gheimhreadh”, ar féidir é a íoslódáil ón láithreán gréasáin.
Seo a leanas príomhchuspóirí an fheachtais eolais ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’:
· Comhairle phraiticiúil ar an mbealach is fearr le hullmhú don Gheimhreadh atá romhainn.
· A chinntiú go bhfuil an pobal ar an eolas cá bhfuil cúnamh agus comhairle le fáil, dá dteastódh sé, agus
· A chur ina luí ar an bpobal go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm lena chinntiú go dtabharfar freagra comhordaithe ar dhrochaimsir.
Tá iarrtha ar gach Roinn Rialtais agus ar gach Gníomhaireacht Rialtais an feachtas eolais "Bí Réidh don Gheimhreadh" a chur chun cinn ar a láithreáin ghréasáin féin agus ar na meáin shóisialta agus a gcuid ullmhúchán agus feachtas eolais féin a thabhairt cothrom le dáta go minic mar chuid de chur chuige “Uile-Rialtais” ar ullmhúcháin don gheimhreadh.
Chomh maith leis sin, beidh an Oifig um Pleanáil Éigeandála ag cur amach tvuíteanna go rialta i rith thréimhse an gheimhridh chun cur leis an bhfeachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh'. Is féidir an cuntas twitter a leanúint ar  @emergencyIE agus iarrtar ar an bpobal a bheith páirteach sa chomhrá ag #bewinterready.
Dúirt na hAirí ar fad gurb í an phríomhtheachtaireacht uathu inniu – 
“a bheith ullamh, a bheith slán agus fios a bheith agat cá bhfuil cúnamh le fáil dá dteastódh sé.”